Tá Oireachtas na Gaeilge ag spreagadh cainteoirí Gaeilge le páirt a ghlacadh in imeachtaí #parkrunabú! thart timpeall na tíre agus banda rosta ‘Tá Gaeilge agam’ a chaitheamh. Beidh an chéad cheann de na himeachtaí seo ag tarlú ar an Trá Mhór, Port Láirge Dé Sathairn 23 Feabhra, áit a dúirt Stiúrthóir an parkrun, Deidre Chapman, go dtabharfadh a mac, Josh, dalta sa Ghaelcholáiste áitiúil , an treoir eolais i nGaeilge!
D’éirigh chomh maith sin leis na himeachtaí a eagraíodh anuraidh go bhfuil Oireachtas na Gaeilge ag dul i gcomhpháirt le parkrun arís i mbliana le sraith #parkrunabú! a reáchtáil. D’eascair #parkrunabú! as tionscnamh inar spreagadh reathaithe parkrun a raibh Gaeilge acu banda rosta le ‘Tá Gaeilge agam’ air a chaitheamh, ionas go bhféadfaidís cainteoirí eile Gaeilge a aithint agus labhairt leo le linn parkrun. Bhí an oiread sin éilimh ar na bandaí rosta seo gur thug an tOireachtas cuireadh do parkrun ócáidí á óstáil ina gcuirfí fáilte ar leith roimh Ghaeilgeoirí. Beidh naoi n-imeacht ann thart timpeall na tíre i 2019:
Aip Gaeilge – ‘Tolg go 5k’
Dóibh siúd nár ghlac páirt i parkrun cheana, tá aip forbartha ag an Oireachtas, ‘Tolg go 5k’. Abair le do chairde triail a bhaint as!
Buntáistí do parkrun
Tá buntáistí ag baint le himeachtaí #parkrunabú! don parkrun áitiúil. Cuireann Lisa Kennedy, Stiúrthóir parkrun Cheatharlach síos ar an taithí a bhí aici leis anuraidh.
‘Imeacht den scoth a bhí ann, tháinig an oiread sin daoine chomh fada liom ina dhiaidh ag rá cé chomh hiontach is a bhí sé! Ó thaobh parkrun de, ní bhaineann sé le líon na ndaoine amháin, baineann sé le bheith ag obair le pobal eile inár gceantar, baineann sé le fáilte a chur roimh ghrúpa níos leithne daoine chuig parkrun, daoine b’fhéidir nár smaoinigh riamh ar pháirt a ghlacadh i parkrun nó nár chuala fiú faoi. Rud difriúil a bhí ann dár fhoireann dheonach agus dár rannpháirtithe freisin!
D’eagrais Ghaeilge, tugann na hócáidí seo deis eile dóibh an Ghaeilge a chur chun cinn agus daoine nua a mhealladh chuig a gcuid gníomhaíochtaí. Téann #parkrunabú! chun tairbhe do gach duine! Le tuilleadh eolais a fháil, nó le banda rosta saor in aisce a fháil, seol r-phost chuig majella@antoireachtas.ie
Name: Barry Hurley Age: 36 Occupation: Global Demand Planner Local parkrun: Avondale Forest Number of parkruns completed: six How did you get involved in parkrun? Once we heard a parkrun was going to be set up in Avondale my family and myself – have immediately started attending. It’s a lovely way to start a…
Cathy Curley came to running only a few years ago in her late sixties. She ran and walked a race with her daughter, and decided she would like to run more regularly. She turned up at Griffeen parkrun over a few Saturdays and ran and walked the course. She took a break for a few…